Uaireanta, úsáidimid stíl reacaireachta (scéalaíochta) nuair a scríobhaimid aiste. In aiste reacaireachta, cuireann tú síos ar eachtra a tharla duit chun topaic a phlé. Abairt shamplach in aiste
Tá tábhacht mhór ag baint le caithimh aimsire.
Is deis iontach é an spórt chun bualadh le cairde nua.
Struchtúr na haiste Tús na haiste
Déan cur síos ar an suíomh. Cá dtarlaíonn an scéal? Cén t-am den bhliain atá ann? Cén sórt aimsire atá ann? Cé hiad na carachtair sa scéal agus cad atá ar siúl acu?
Corp na haiste
Cuir síos ar an eachtra a tharla agus ar an mbuaicphointe. Déan cur síos ar na mothúcháin a bhí agat. Déan cur síos ar íomhánna, fuaimeanna agus sonraí eile atá tábhachtach. Úsáid focail agus nathanna bríomhara agus corraitheacha.
Críoch na haiste
Cuir i gcuimhne don léitheoir tábhacht na heachtra seo. Déan cinnte go dtuigeann an léitheoir cén fáth a bhfuil an topaic seo tábhachtach duit.
Noda!
• Scríobh an aiste sa chéad phearsa. • Bain úsáid as fráma scríbhneoireachta nó clár scéalta chun d’aiste a phleanáil. Freagair na ceisteanna seo i do fhráma:
1. Cad is teideal don aiste reacaireachta? 2. Cá dtarlaíonn an scéal? 3. Cathain a tharlaíonn an scéal? 4. Cé hiad na carachtair sa scéal? 5. Scríobh an chéad líne den scéal. 6. Cad a tharlaíonn ar dtús? 7. Cad a tharlaíonn ina dhiaidh sin? Agus ina dhiaidh sin? (2–4 phointe más gá) 8. Déan cur síos ar an mbuaicphointe.
Abairt shamplach in aiste reacaireachta
Seo an chúis a dtaitníonn an iascaireacht go mór liom!
Is í an iascaireacht mo shaol agus mo spórt!
Caibidil 5
Punann 5.3 Scríobh aiste reacaireachta ar an ábhar seo: ‘An caitheamh aimsire is fearr liom’. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 52.
Táim in ann aiste reacaireachta faoi mo chaithimh aimsire a scríobh. céad ochtó a trí 183