I dtús báire, bhí 20 siombail in aibítir Oghaim. Bhí na siombailí seo roinnte i gceithre ghrúpa. Meascán de phoncanna agus línte a bhí sa script. Tar éis tamaill, cuireadh siombailí nua leo. Sin an cúigiú grúpa. Seo iad na siombailí:
Stór focal clocha cuimhneacháin memorial stones
mór-le-rá siombail
T 4 Taighde agus cur i láthair
Tá eolas ar go leor cloch Oghaim in Éirinn ar https://ogham.celt.dias.ie. Tá an suíomh ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla. Cliceáil ar ‘Brabhsáil’/‘Browse’ agus féach ar an léarscáil. Cliceáil ar na bioráin
chun eolas faoin gcloch a fheiceáil.
Cruthaigh cur i láthair ar PowerPoint nó Prezi. I do chur i láthair: • Liostaigh trí chontae ina bhfuil clocha Oghaim • Roghnaigh cloch Oghaim amháin agus déan cur síos uirthi • Litrigh d’ainm in Ogham.
Déan an cur i láthair os comhair an ranga.
Féinmheasúnú 1. An raibh tú in ann na clocha Oghaim a chuardach go héasca? An raibh aon deacrachtaí agat?
2. Ar fhoghlaim tú conas d’ainm a scríobh in Ogham?