In 1841, bhí timpeall 8,000,000 duine ina gcónaí ar oileán na hÉireann. I 1971, ní raibh ach timpeall 4,000,000 duine ina gcónaí ann. Faoi láthair, tá níos mó ná 6,500,000 duine ina gcónaí ar oileán na hÉireann.
Eisimirce agus an Gorta Mór (1845–1851)
Sa bhliain 1845, tháinig an dubh ar na prátaí in Éirinn. Mhair an gorta go dtí 1851. ‘An Gorta Mór’ a thugtar ar na blianta 1845–1851.
Fuair 1,000,000 duine bocht bás den ocras agus d’imigh 1,000,000 eile ar longa go tíortha cosúil le Sasana, Albain, Meiriceá, Ceanada, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Airgintín. Fuair go leor Éireannach bás ar na longa seo. Tugtar ‘longa báis’ nó ‘coffin ships’ orthu.