Bhuail sé an cnaipe cuí ar an meaisín agus amach leis na duillíní Lató go léir a raibh luach cúpla míle de bhua orthu ar a laghad – níor bhac sé le mioníocaíochtaí. Níor bhac sé le móríocaíochtaí ach oiread. Níor mhian leis aird a tharraingt air féin. Chloígh sé leis na roghanna Quick Pick amháin.
Ina dhiaidh sin, bhuail Emmet cnaipe a phriontáil cóipeanna de thorthaí Lató na hoíche sin. D’fhág sé ar an seastán iad le go mbeidís ar fáil do chustaiméirí. Chuir sé a dhuillíní féin isteach ina phóca.
Bhain Emmet an cábla amach as an bport srathach agus chuir é sin agus an fón ar ais ina phóca. Bhí an beart curtha i gcrích go discréideach aige.
Rachadh sé isteach lá arna mhárach chuig oifig an Lató chun an t-airgead a bhí ag dul dó a bhailiú. Chuirfidís-sean isteach ina chuntas airgid é.
Bhí sé i gceist aige an siopa a fhágáil chomh maith. Bhraith sé go mbeadh sé deas ligean dóibh a cheapadh go raibh an fhadhb réitithe acu nuair a chuirfí an meaisín nua isteach sa siopa. Is é an dearadh céanna a bhí ar na meaisíní nua, rud a chiallaigh nach mbeadh mórán oibre i gceist chun an rud céanna a dhéanamh arís amach anseo dá mba mhian leis, i siopa éigin eile.
slips
he didn’t bother with he didn’t want to attract attention; he stuck to
so that they’d be
completed the action discreetly
he’d go in
due to him; they’d put he intended
felt; let them think solved
same design which meant
if he wanted
Ceisteanna 3 1. Ar cheap an teicneoir go raibh aon rud cearr go fisiciúil leis an meaisín Lató? 2. Cad a deirtear sa tuairisc ón gceanncheathrú? 3. Cár chuir Emmet a dhuillíní féin? 4. Cad a rinne Emmet leis an gcábla a bhí ceangailte lena fhón póca? 5. Cén fáth a rachaidh Emmet chuig oifig an Lató?