Buntuiscint 1. Cá bhfuil Pádraigín sa ghearrscéal seo?
2. Cén fáth nach bhfuil sí sásta go bhfuil uirthi seomra a roinnt le hAoife? Luaigh dhá phointe eolais.
3. Cén fáth ar bogadh go barr an ranga í ar scoil? 4. Cén fáth a mbíonn a tuismitheoirí ródhian uirthi, dar le Pádraigín? Luaigh dhá phointe eolais.
5. Cén plean a dhéanann Pádraigín? 6. Cén fáth a dtagann áthas uirthi ag deireadh an scéil?
Scríobh agus labhair
I ngrúpa de thriúr, scríobh comhrá gearr idir Mam, Daid agus Pádraigín. Tá Mam agus Daid ag rá léi go mbeidh uirthi seomra a roinnt le hAoife. Ansin, déan dráma den chomhrá.
An scríbhneoir
Rugadh Mícheál Ó Ruairc i 1953. Tógadh sa Leitriúch i gCiarraí é. Is file, múinteoir agus scríbhneoir é. Tá ceithre leabhar filíochta agus trí úrscéal déag Gaeilge foilsithe aige. Tá go leor duaiseanna náisiúnta buaite aige as a chuid scríbhneoireachta.