Conas atá tú?/Cén chaoi a bhfuil tú?/Cad é mar atá tú? Tá súil agam go bhfuil tú go maith. Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte. Tá ag éirí go maith liom. Tá ag éirí go hiontach liom.
Táim ag baint an-taitnimh as na laethanta saoire. Táim ar saoire san Iodáil/sa Chróit/san Éigipt.
Corp Aimsir
Dúlra Lóistín Áiseanna
Daoine Bia
Tá an aimsir go hálainn/ar fheabhas. Bíonn an ghrian ag taitneamh gach lá. Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch.
Tá an trá/an fharraige/na sléibhte/na lochanna go hálainn. Tá an t-óstán/an t-ionad campála/an t-árasán an-chompordach.
Tá na háiseanna snámha ar fheabhas. (linn snámha/sleamhnáin uisce …) Tá na háiseanna spóirt ar fheabhas. (cúirteanna cispheile/leadóige …) Tá na siopaí thar barr. (Cheannaigh mé …) Tá na daoine lách cairdiúil. (Bhuail mé le …) Tá an bia sárbhlasta. (D’ith mé …)
Gníomhaíochtaí Téim ag snámh sa linn snámha gach maidin. Imrím eitpheil gach lá ar an trá. Téim ag siopadóireacht ó am go chéile. Chuaigh mé ag scairdsciáil/surfáil/snorcláil san fharraige inné.
Críoch
Beidh mé ar ais Dé Céadaoin seo chugainn. Feicfidh mé thú i gceann cúpla lá/seachtaine/míosa.
Punann 6.4
Tá tú ag fanacht in ionad campála in iarthar na Fraince le do theaghlach. Scríobh cárta poist chuig cara leat. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 68.
Táim in ann cárta poist a scríobh. dhá chéad a cúig déag 215