Déanfaidh tú staidéar ar úrscéal sa tSraith Shóisearach. Tá Hiúdaí Beag le hEithne Ní Ghallchobhair ar cheann de na húrscéalta a d’fhéadfá a léamh.
An scríbhneoir
Is as Ard an Rátha, Dún na nGall, í Eithne Ní Ghallchobhair. Oibríonn sí le hAcadamh Ríoga na hÉireann. Is scríbhneoir agus scéalaí í agus tá duaiseanna Oireachtais buaite aici sa scríbhneoireacht agus sa scéalaíocht.
Léigh
Léigh cúlra an úrscéil seo. Cúlra an úrscéil
Is úrscéal é seo faoi fhear óg darb ainm Hiúdaí Beag. Tugadh Hiúdaí Beag air mar Hiúdaí Mór ab ainm dá athair. Mar sin féin, níl Hiúdaí Beag beag ar chor ar bith. Tá sé níos airde agus níos láidre ná a athair. Duine an-leisciúil agus drochbhéasach é, áfach, agus lá amháin, socraíonn a Dhaid bata is bóthar a thabhairt dó.
Sa sliocht seo, tá Hiúdaí Beag tar éis lóistín agus obair a fháil i dteach feirmeora. Duine garbh giobach é an feirmeoir agus ceapann sé go mbeidh Hiúdaí Beag ina sclábhaí aige. Faraor, cé gur oibrí maith é Hiúdaí Beag, tá eagla ar dhaoine go bhfuil sé go rómhaith …
Stór focal drochbhéasach
sliocht
rude
bata is bóthar a thabhairt dó kick him out excerpt
Scríobh
Tá an t-úrscéal seo bunaithe ar na seanscéalta béaloidis (folk tales) a bhíodh againn in Éirinn fadó. Tá roinnt tréithe de na scéalta seo le feiceáil sa leabhar Hiúdaí Beag. Cad is brí leis na tréithe seo? Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie.
áibhéil 314 carachtair shimplí uaim crógacht laochas gaisce trí chéad a ceathair déag