Cé go bhfuil plean Emmet agus plean Aoife cliste, tá siad an-mhímhacánta freisin.
Goideann Emmet ón Lató. Cabhraíonn an Lató le go leor daoine in Éirinn. Faigheann carthanais, clubanna óige, clubanna spóirt, músaeim agus dánlanna airgead ón Lató. Tagann gach euro a bhuann Emmet as ciste an Lató.
Goideann Aoife ó chuntais bhainc. Tá go leor airgid caillte aici i gcluichí pócair agus ba mhaith léi airgead a fháil go tapa. Leanann sí daoine chun eolas pearsanta a fháil fúthu. Ansin, tosaíonn sí ag haiceáil isteach ina gcuntas bainc. Tá a fhios aici nach seiceálann gach duine a gcuntas bainc agus mar sin scimeálann sí airgead astu.
Téamaí eile: Gliceas, Caimiléireacht, Cairdeas, Obair, Coiriúlacht, An t-olc
art galleries fund
to get personal information about them
Bí ag caint!
Cén téama díobh seo is láidre, meas tú? Nó an gceapann tú go bhfuil téama eile níos láidre? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar na téamaí sa ghearrscéal ‘Quick Pick’.