D. Líon na bearnaí i do chóipleabhar. 1. Tá Dean Rock níos [sciliúil] __________ ná Peter Harte. 2. Tá Sophie Spence níos [sean] __________ ná Nicole Cronin. 3. Tá Noelle Lenihan níos [óg] __________ ná Ellen Keane. 4. Is é Jason Smyth an fear is [tapa] __________ in Éirinn. 5. Is iad na Donnabhánaigh na rámhaithe is [láidir] __________ in Éirinn.
E. Aistrigh go Gaeilge. An aontaíonn tú leis na ráitis? Tabhair fáth le do thuairim. 1. Paul Pogba is more skilful than Ronaldo. 2. Ireland is better than New Zealand at rugby. 3. Boxers are braver than rugby players. 4. Katie Taylor is the most inspiring boxer in Ireland. 5. The French are the best footballers in the world.
Traic 44–45 Cluastuiscint
Cloisfidh tú dhá chomhrá sa chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá faoi dhó. Scríobh na freagraí i do chóipleabhar.
Comhrá a hAon
An Chéad Mhír 1. Cén dá chontae a bheidh ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann sa pheil?
2. Cén sórt cluiche a bheidh ann, dar le hAindrias?
An Dara Mír 1. Cén t-ardán ina mbeidh siad? 2. Cá bhfuair Aindrias na ticéid?
Script: leathanach 112 de do Leabhar Gníomhaíochta.
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír 1. Cá mbeidh Ali agus cúpla cara ag dul? 2. Cén fáth nach mbeidh Róisín ábalta teacht leo?
An Dara Mír 1. Cad a bhí Róisín ag déanamh nuair a chas sí a rúitín? 2. Cathain a bhuailfidh Ali isteach chuig Róisín?