E. Líon na bearnaí. Bain úsáid as Google Maps agus as www.logainm.ie chun cabhrú leat. i dtuaisceart
i gcroílár in iardheisceart
in oirthuaisceart in iarthuaisceart
1. Tá Dún Dealgan agus Droichead Átha suite ____________ na tíre. 2. Tá Inis Eoghain agus Leitir Ceanainn suite ____________ na tíre. 3. Tá Sligeach ____________ na hÉireann. 4. Tá Cathair na Mart agus Caisleán an Bharraigh ____________ na hÉireann. 5. Tá Cill Chaoi agus Inis suite ____________ na tíre. 6. Tá Baile Átha Luain agus Tulach Mhór suite ____________ na hÉireann.
F. Tá tú ar thuras scoile le do rang in Éirinn nó i dtír eile. Scríobh cárta poist chuig d’aintín nó d’uncail. Luaigh na pointí seo a leanas:
• Cá fhad atá sibh anseo • Cá fhad a fhanfaidh sibh • An aimsir
• Na gníomhaíochtaí a rinne sibh • An bia
• Cathain a fhillfidh sibh abhaile.
G. Scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son nó in aghaidh an rúin sin: ‘Is cur amú ama agus cur amú airgid iad turais scoile.’
Traic 35–36 Cluastuiscint
Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta faoi dhó. Éist go cúramach leo agus freagair na ceisteanna i do chóipleabhar.
Fógra 1. Cad a sheolfaidh AerÉire amárach? 2. Cad a bheidh ar leathphraghas? 3. Cathain a bheidh deireadh leis an tairiscint speisialta?
Píosa Nuachta
Tá an píosa nuachta seo casta ach tá na freagraí ar na ceisteanna seo simplí. (Uaireanta, cloisfidh tú píosaí casta sa scrúdú – is cleachtadh maith é seo mar sin!)
1. Cad a chuirfear ar ceal má thosaíonn an bolcán Eyjafjallajökull ag sceitheadh luaithreamháin (ash) arís?
2. Cén seans atá ann go dtosóidh an bolcán ag sceitheadh luaithreamháin i dtreo na hEorpa, dar le heolaithe na hÍoslainne?
3. Cén áit san Eoraip a ndúnfar gach aerfort? 4. Cad a chuirfear ar fáil do phaisinéirí atá i gcruachás, dar le hurlabhraí de chuid Báid Farantóireachta na hÉireann?
Script: leathanach 109 de do Leabhar Gníomhaíochta.