Theastaigh spás uaithi. Spás di féin. Spás chun ‘a rud féin’ a dhéanamh. Spás lena saol féin a chaitheamh.
Lig sí osna. Lean an múinteoir uirthi ag caint. Ach ní raibh Pádraigín ag éisteacht léi. Bhí a smaointe i bhfad ar shiúl. Bhí sí ag smaoineamh ar a saol féin agus na hathruithe a bhí tagtha air le tamall anuas. Trí mhí ó shin bhí seomra dá cuid féin aici sa bhaile. Ach nuair a saolaíodh leanbh óg dá tuismitheoirí tháinig deireadh leis sin ar fad. Cuireadh a deirfiúr Aoife isteach in aon seomra léi. Níor réitigh sí féin agus Aoife riamh lena chéile.
Go dtí gur tháinig Aoife isteach léi, bhí an saol ar a toil aici. Bhí sí in ann a rogha rud a dhéanamh. Ní raibh éinne ag cur isteach ná amach uirthi. Bhí gach rud in ord is in eagar aici. Bhí sí in ann bheith ag léamh is ag éisteacht leis an raidió go dtí a haon a chlog ar maidin dá mba mhian léi é. D’fhéadfadh sí fanacht sa leaba go meán lae ag an deireadh seachtaine.
she needed space sigh
faraway
the changes born get on
everything she could wish for whatever she wanted just right