Buntuiscint 1. Cad a dúirt an feirmeoir faoin móin? 2. Cén rud a d’iarr an feirmeoir ar Hiúdaí a bhaint sa choill? 3. Cad a rinne Hiúdaí Beag nuair a mheas sé go raibh go leor bainte aige?
4. Cén fáth ar dhóbair go bhfuair an feirmeoir taom croí nuair a chonaic sé Hiúdaí Beag ag teacht ar ais go dtí an teach?
5. Cén chuma a bhí ar an teach agus ar an gclós nuair a spréigh Hiúdaí Beag an t-ualach mór amach ar an talamh?
6. Ar bhain Hiúdaí Beag na duilleoga de na crainn? 7. Cad a rinne Hiúdaí Beag lena thua? 8. Conas a mhothaigh an feirmeoir agus bunadh an tí nuair a chonaic siad gaisce a rinne Hiúdaí Beag?
9. Cén fáth nach raibh an feirmeoir in ann an ruaig a chur ar Hiúdaí Beag? 10. Cad a shocraigh an feirmeoir a dhéanamh?
Léirthuiscint Luaigh sampla amháin d’áibhéil (exaggeration) sa sliocht seo.
Bí ag caint!
Cad a tharla ina dhiaidh seo, meas tú? I ngrúpa, pléigh do thuairim. Ansin, léigh an t-úrscéal Hiúdaí Beag chun fáil amach.
Punann 8.6
Tá go leor samplaí de scéalta béaloidis ar www.duchas.ie. Cuardaigh ‘béaloideas’ agus roghnaigh scéal amháin a thaitníonn leat. Dear leagan digiteach den scéal ar www.storyboardthat.com.
Dear an chéad dréacht (draft) ar www.storyboardthat.com. Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 99 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) an leagan digiteach. Cuir na híomhánna críochnaithe isteach i do phunann ar leathanach 98.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar shliocht as úrscéal béaloidis. trí chéad a seacht déag 317