Atarraing (redraw) an compás seo i do chóipleabhar. Scríobh ocht n-airde an chompáis san áit cheart. Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie.
oirdheisceart iarthuaisceart
deisceart oirthuaisceart iardheisceart Léigh agus scríobh
Léigh an comhrá seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis i do chóipleabhar.
Dearbhail: Cá bhfuil sibh ag dul, a Adaim? Adam:
Dearbhail Adam iarthar tuaisceart oirthear
Caibidil 6
Ar thuras scoile go Sasana. Tá an bus déanach faraor.
Dearbhail: Cén fáth a bhfuil sibh ag dul go Sasana? Adam:
Dearbhail: Blackburn? Cá bhfuil sin? Adam:
Dhá lá. Comórtas sacair. Imreoimid in aghaidh trí scoil eile in Blackburn.
In iarthuaisceart Shasana. Beidh scoil ó Dhún Dealgan agus ó Learpholl ag imirt freisin.
Dearbhail: Cá fhad a fhanfaidh sibh ann? Adam:
Dearbhail: Conas a rachaidh sibh ann? Adam:
Dearbhail: Sin iontach. Ádh mór libh! Adam:
Rachaimid i mbád farantóireachta (ferry) go dtí an Bhreatain Bheag agus ansin tiomáinfimid ó thuaidh chuig Blackburn.
Slán. Feicfidh mé Dé Luain thú.
1. Cá bhfuil Adam agus an fhoireann sacair ag dul? 2. Cad a dhéanfaidh siad ann? 3. Conas a rachaidh siad ann? 4. An raibh tú féin riamh i Sasana? Cén áit?
Scríobh agus labhair
Scríobh comhrá idir beirt daltaí, Órla agus Marcas. Tá Marcas ag cur ceisteanna ar Órla faoi thuras scoile go Béal Feirste a dhéanfaidh sí. Úsáid an comhrá idir Dearbhail agus Adam mar chabhair.
Léirigh an comhrá leis an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.
Táim in ann turas scoile a phleanáil agus a phlé. dhá chéad a seacht 207