SCRÍOBH Scéal: Fothrach Tí Faoin Tuath Léigh agus scríobh
Beidh ort scéal mistéire nó scéal eachtraíochta a chumadh. Ar dtús, léigh an scéal seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis. Fothrach Tí Faoin Tuath
‘Ar chuala tú an fothram sin, a Sheáin? Céard ba chúis leis?’
‘Ní cheapaim gur ón seomra seo a tháinig sé, a Léan. Ceapaim gur ón dorchla a tháinig sé.’
noise; cause corridor
Théaltaigh Seán agus a deirfiúr Léan isteach sa chéad seomra eile. Ach ní fhaca siad aon rud. Bhí sé ag éirí dorcha ach bhí siad ábalta gach rud a fheiceáil. Go tobann, chuala siad an fothram arís. Bhioraigh siad a gcluasa. Cniogaide, Cnagaide. Gliog, Gleaig. Trut, Trat. Cniogaide, Cnagaide ….
Bhí a fhios acu nár chóir dóibh a bheith ann. Dúirt a dtuismitheoirí go mbíonn daoine aisteacha ag teacht agus ag imeacht ón seanteach tréigthe seo go déanach san oíche. Ní raibh a fhios ag aon duine cén fáth ach ba léir dóibh go raibh rudaí aisteacha ar siúl acu.
Cúpla mí ó shin, chonaic a n-athair soilse ó thóirsí agus ó charranna ar an taobh eile den ghort. Ar dtús, cheap sé go raibh comharsana nua ag bogadh isteach sa seanteach tréigthe. Ach tar éis cúpla lá, bhí an fothram fós le cloisteáil agus na soilse fós le feiceáil.