Léigh faoi íomhánna an dáin. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile sa dán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Tá go leor íomhánna gléineacha sa dán ‘Ceist na Teangan’. vivid
‘Cuirim mo dhóchas ar snámh i mbáidín teangan faoi mar a leagfá naíonán i gcliabhán’
San íomhá seo, cuireann an file a dóchas don Ghaeilge ar snámh i mbáidín beag. Déanann sí é seo go han-chúramach, faoi mar a chuireann tú leanbh isteach ina leaba.
‘i measc na ngiolcach is coigeal na mban sí’
Leagann an file an báidín síos ar bhruach na habhann san íomhá seo. Fásann giolcacha agus coigeal na mban sí (bulrushes or ‘the banshee’s weaving spindle’) ar bhruach aibhneacha. Is áit shábháilte iad na giolcacha agus coigeal na mban sí.
‘féachaint n’fheadaraís cá dtabharfaidh an sruth é’
Is féidir linn an file a shamhlú san íomhá seo. Tá sí ag fanacht ar bhruach na habhann ag féachaint cá rachaidh a báidín beag. Tá imní uirthi mar níl a fhios aici cad a tharlóidh don bháidín.
Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón dán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn an íomhá seo. Cuir fotheideal (caption) leis an bpictiúr freisin.
Táim in ann tuiscint a léiriú ar scéal agus íomhánna an dáin. dhá chéad seachtó a haon 271