BÉALTRIAIL Dhá Agallamh Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat. Daithí
1. An raibh tú san ospidéal riamh? Bhí, cinnte.
2. Cad a tharla duit?
Bhí mé ag rith síos an staighre agus baineadh tuisle asam. Thit mé ar mo bhéal is mo shrón ar an urlár! Bhraith mé pian mhillteach i mo chos agus i mo cheann. Neamh-aire ba chúis leis, sin uile!
3. Cad a rinne tú ansin?
Rith mo Mham chugam agus scrúdaigh sí mo cheann ar dtús. Bhí sé ag cur fola. Chuir sí bindealán air. Ansin, chabhraigh sí liom siúl go dtí an carr agus thiomáin sí mé go dtí an t-ospidéal.
4. Ar scrúdaigh dochtúir thú? Scrúdaigh dochtúir mo cheann ar dtús. Ghlan sé an chneá go cúramach agus ansin, chuir sé cúig ghreim inti! Chuir sé bindealán nua uirthi freisin!
5. An bhfuair tú x-gha?
D’x-ghathaigh an dochtúir mo chos agus mo rúitín. Bhí mé buíoch beannachtach nach raibh aon chnámh briste. Dúirt sé gur leon mé mo rúitín agus sin uile.
6. Ar chuir an dochtúir aon chomhairle ort? Cinnte! Mhol sé dom é a thógáil go bog. Thug sé croisíní dom freisin.
7. Ar chaill tú aon lá scoile? Níor chaill, faraor! Tharla an timpiste i lár an tsamhraidh.
8. Cá fhad a thóg sé ort a bheith ar ais ar do sheanléim arís? D’imigh an phian tar éis dhá sheachtain, an gcreidfeá! Tar éis sin, bhí mé ar ais ar mo sheanléim arís.
Scríobh Fíor nó bréagach? 1. Ghortaigh Daithí a cheann.
2. Rinne an dochtúir x-ghathú ar cheann Dhaithí. 3. Bhris Daithí a chos.
4. Chaill Daithí seachtain scoile. 5. Bhí Daithí ar ais ar a sheanléim tar éis seachtain go leith. Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Daithí (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.