Faoi dheireadh, d’x-ghathaigh dochtúir mo chos agus mo rúitín. Buíochas le Dia, ní raibh aon chnámh briste. Mhol sí dom gan aon obair a dhéanamh, gan dul ar scoil agus mo chos a choimeád in airde. Nach orm a bhí an t-ádh! Mar a deir an seanfhocal, ‘Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin.’
x-rayed not to
luck it’s an evil wind that blows no good
Buntuiscint 1. Cén sórt aimsire a bhí ann ar maidin? 2. Cad a rinne siad nuair a shroich siad an carrchlós? 3. Cad a rinne siad nuair a shroich siad barr an tsléibhe? Is leor dhá phointe eolais. 4. Ainmnigh na sléibhte móra eile a chonaic siad ó bharr an tsléibhe. 5. Cén chaoi ar athraigh an aimsir? Is leor dhá phointe eolais. 6. Cén fáth nach raibh siad in ann aon rud a fheiceáil ar an mbealach síos? 7. Cén timpiste a tharla don údar? 8. Céard a mhol an dochtúir ar deireadh? Luaigh dhá phointe eolais.
Léirthuiscint
Cad is brí leis an seanfhocal ‘Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin’? I ngrúpa, smaoinigh ar dhá chás ina n-úsáidfeá an seanfhocal sin.
Scríobh
Cé na hailt sa sliocht thuas a dtagraíonn na habairtí seo a leanas dóibh? 1. Dúradh liom cúpla lá saor a thógáil. 2. Chuireamar éadaí oiriúnacha orainn agus ar aghaidh linn. 3. B’álainn na rudaí a chonaic muid ón mullach. 4. D’éirigh an aimsir go han-dona ar fad.
Punann 8.4
Scríobh scéal faoi eachtra a tharla duit agus tú amuigh ag rothaíocht le cairde. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 94.
Táim in ann scéal faoi eachtra a tharla dom a scríobh. trí chéad a trí 303