Caibidil 8 D. Céard iad na dualgais atá léirithe sna pictiúir?
1
2
3
4
E. Tá an bia i do scoil go hainnis. Scríobh litir fhoirmeálta chuig an bpríomhoide ag iarraidh air/uirthi caighdeán an bhia a fheabhsú. Luaigh na pointí seo a leanas:
• An fáth a bhfuil tú ag scríobh chuige/chuici • Cur síos ar an mbia lofa atá ar fáil i do cheaintín • Samplaí de bhia atá folláin agus blasta • An t-athrú atá ag teastáil uaitse agus ó do chairde.
F. Scríobh scéal faoi thimpiste a tharla duit agus tú ag súgradh le do chairde sa pháirc. Traic 50–51 Cluastuiscint
Cloisfidh tú dhá chomhrá sa chuid seo. Cloisfidh tú gach comhrá faoi dhó. Scríobh na freagraí i do chóipleabhar.
Comhrá a hAon An Chéad Mhír 1. Cén dea-scéala a bhí ag Ceallach? 2. Cé leo a mbeidh Ceallach ag cabhrú sa charthanas?
An Dara Mír 1. Liostaigh dhá dhualgas a bheas ar Cheallach. 2. Cathain a thosóidh Ceallach ag obair leis an gcarthanas?
Comhrá a Dó
An Chéad Mhír 1. Cad a tharla do Igor nuair a bhí sé ag rith síos an bóthar? 2. Cad a rinne Mam Igor nuair a thaispeáin sé an gearradh mór di?
An Dara Mír 1. An ndeachaigh Igor go dtí an t-ospidéal nó go dtí a dhochtúir teaghlaigh?
2. Cé mhéad greim a fuair Igor? 3. An dóigh le Maighréad go mbeidh colm (scar) air?
Script: leathanach 114 de do Leabhar Gníomhaíochta.