Scéal an dáin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an dáin agus freagair na ceisteanna.
Sa dán ‘Stadeolaíocht’, tá an file ag fanacht ar bhus ag stad an bhus. Tá sé ag seiceáil amchlár an bhus ar aip ar a fhón. Ceapann sé go bhfaighidh sé eolas fíor-ama faoin mbus. Faraor, agus é ag brú ‘cnaipe na haipe’, tagann an bus. Tá sé ródhéanach chun an bus a stopadh, áfach.
Seachas eolas fíor-ama, faigheann sé ‘radharc fíor-ama’. Ardaíonn sé a cheann agus feiceann sé an bus ag tiomáint thar bráid. Feiceann an tiománaí bus an file, ach tá an file ag féachaint ar a fhón. Ní chuireann an file a ordóg amach agus mar sin ní stopann an bus.
1. Cá bhfuil an file? 2. Cad atá an file ag seiceáil ar aip ar a fhón? 3. Cad a fhaigheann an file in áit eolas fíor-ama? 4. An bhfeiceann an tiománaí bus an file? 5. Cén fáth nach stopann an bus?
Teideal an dáin: Bí ag caint!
Cad is brí le teideal an dáin ‘Stadeolaíocht’, meas tú? (Nod: Stad + Eolaíocht!) Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.