Is éard is brí le téama an amhráin ná an smaoineamh is tábhachtaí atá san amhrán. Léigh an freagra samplach seo agus freagair na ceisteanna.
Ceist shamplach:
Cad é príomhthéama an amhráin ‘Solas’? Tabhair fáth amháin le do fhreagra.
Freagra samplach: Sílim gurb é ‘féinmhachnamh’ príomhthéama an amhráin ‘Solas’.
Ar an gcéad dul síos, insíonn an liriceoir scéal dúinn faoi athrú a rinne sé ar a shaol. Sa seansaol, ní dhearna sé machnamh ar a shaol. B’fhéidir go raibh sé i bpost leadránach. B’fhéidir go raibh sé ag smaoineamh ar chúrsaí scoile amháin agus go ndearna sé dearmad ar cheol nó spórt ina shaol.
Lá amháin, dúisíonn rud éigin ina chroí. Seasann sé siar. Tógann sé sos. Tosaíonn sé ag smaoineamh ar a shaol agus feiceann sé go bhfuil sé ar an mbóthar mícheart. Socraíonn sé dul ar bhóthar nua. Stopann sé de bheith ag leanúint bealach duine éigin eile.
Ar deireadh, feiceann sé an solas ina shaol. Sa líne dheireanach den dara véarsa, deir sé gur cheart dúinn an rud céanna a dhéanamh: ‘Bíodh leat ’s ná lean an té a lean …’
decides
someone else’s route that we should
self-reflection
1. Insíonn an liriceoir dúinn faoi athrú a rinne sé. Cén t-athrú é seo? 2. Cén rud nach ndearna sé sa seansaol? 3. Dúisíonn rud éigin ina chroí lá amháin. Cad a dhéanann sé ansin? Is leor dhá phointe eolais. 4. Cad a fheiceann sé ina shaol ar deireadh? 5. Cén teachtaireacht atá aige ag deireadh an dara véarsa?
An banna
Tá ceathrar ceoltóirí sa bhanna ceoil Seo Linn: Daithí Ó Ruaidh, Keith Ó Briain, Kevin Shortall agus Stiofán Ó Fearail. Is as Cill Chainnigh do Dhaithí, Keith agus Kevin agus is as Ros Comáin do Stiofán.