Déan cur síos ar armas Mhontsarat. Cad atá suimiúil faoi? Pléigh do thuairimí leis an duine atá in aice leat.
Léigh agus scríobh
Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Armas Mhontsarat Lá Fhéile Pádraig, Montsarat
Tugtar ‘Oileán Iathghlas na Cairibe’ ar Mhontsarat mar gheall ar a nasc le hÉirinn. Tháinig go leor Éireannach agus Afracach anseo sa 17ú haois. Tá go leor sloinnte agus logainmneacha Éireannacha fós san oileán. Ar na sloinnte sin tá ‘Hogan’, ‘O’Garro’ agus ‘Sweeney’. Ar na logainmneacha tá ‘Kinsale’, ‘St Patrick’s’ agus ‘Cork Hill’. Ólann muintir Mhontsarat deochanna Éireannacha agus itheann siad bia Éireannach.
Maireann Féile Phádraig seachtain iomlán ar an oileán beag seo. Bíonn paráidí móra sráide acu, seinneann ceoltóirí meascán de cheol Gaelach agus Afracach, agus caitheann raigearnálaithe seamróga agus éadaí glasa.
Nuair a thagann tú isteach ar an oileán, faigheann tú stampa de sheamróg i do phas. Tá pictiúr de bhean Éireannach, cláirseach agus cros ar an armas. Cónaíonn an-chuid de mhuintir Mhontsarat i Londain agus ceiliúrann siad a n-oidhreacht Éireannach gach 17 Márta freisin.