Scéal an dáin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an dáin agus freagair na ceisteanna.
Sa dán ‘An Ghealach’, déanann an file cur síos ar an ngealach.
Deir an file go bhfuil an ghealach go hálainn. Ní hamháin sin ach cruthaíonn sí áilleacht freisin. Mar shampla, bíonn sí ‘ag scaipeadh scáileanna’ san oíche.
Deir an file go bhfuil an ghealach cumhachtach agus cosantach freisin. Faigheann sí féin cosaint ón ngealach. Tá sí ar turas ina saol agus is í an ghealach a réalta eolais. Fanann an ghealach taobh léi i gcónaí. Fiú nuair a bhíonn sé scamallach agus nach féidir an ghealach a fheiceáil, bíonn sí ann i gcónaí.
1. Cad a deir an file faoin ngealach? 2. Cad a fhaigheann an file ón ngealach?
Pearsantú sa dán: Léigh agus scríobh Léigh faoi phearsantú sa dán agus freagair na ceisteanna.
Baineann an file úsáid as pearsantú sa dán ‘An Ghealach’. Is éard is brí le pearsantú ná tréithe daonna a lua le rud nach bhfuil daonna.
Déanann an file pearsantú ar an ngealach. Deir an file gur bean í an ghealach.
1. Cad is brí le pearsantú? 2. Féach ar na trí phictiúr seo. Cén pictiúr is fearr a léiríonn pearsantú?
1 2 3 personification human traits; attribute to
not only creates
powerful; protective protection guiding light beside her
Teideal an dáin: Bí ag caint!
Cad is brí le teideal an dáin ‘An Ghealach’? Tá an focal ‘gealach’ baininscneach (feminine). An bhfuil sin tábhachtach? Pléigh do thuairimí leis an duine atá in aice leat.