Na carachtair sa ghearrscéal: Léigh agus scríobh Léigh faoi na carachtair sa ghearrscéal agus freagair na ceisteanna.
Pádraigín
Is duine machnamhach anailíseach í Pádraigín. Sa ghearrscéal seo, briseann sí a cuid fadhbanna síos. Déanann sí machnamh ar gach fadhb, ceann ar cheann. Ansin, déanann sí anailís ar na fadhbanna agus tuigeann sí céard atá cearr – níl spás aici ina saol.
Mothaíonn sí nach mbeidh sí ábalta spás a fháil in aon áit seachas teach Mhamó. Faraor, ní ligeann a tuismitheoirí di dul ann ina haonar. Smaoiníonn sí ar phlean. Scríobhfaidh sí chuig Mamó agus déarfaidh sí gur mhaith léi fanacht léi ar feadh míosa. Beidh sí ábalta a spás féin a fháil ansin.
Is duine imníoch í Pádraigín freisin. Tá imní uirthi mar ní féidir léi spás a fháil ina saol. Mothaíonn sí go bhfuil gach rud ag druidim isteach uirthi. Faraor, ní labhraíonn sí le héinne faoin bhfadhb.
anxious closing in on her
reflective; analytical one by one wrong
Tuismitheoirí Phádraigín
Is tuismitheoirí cosantacha iad tuismitheoirí Phádraigín. Tá siad buartha faoi Phádraigín. Ceapann siad gur cheart di níos mó staidéir a dhéanamh agus gan bualadh le Diarmaid.
Faraor, nuair a deir siad nach bhfuil cead ag Pádraigín scríobh chuig Diarmaid, éiríonn sí brónach agus indírithe. Ní thuigeann siad é seo mar ní labhraíonn siad le Pádraigín faoin bhfadhb.