Chrom Emmet síos, d’aimsigh canna snasáin agus shín chuici é.
‘Buíochas,’ arsa an tseanbhean agus bhailigh sí léi síos an pasáiste.
Dhírigh Emmet ar Aoife an athuair. Bhí sí fós ag bladar léi mar gheall ar oíche na n-iarscoláirí. ‘Beimid ag bualadh le chéile sa chathair le haghaidh cúpla deoch. Seans nach raibh a fhios ag daoine go raibh tú fós timpeall na háite!’
‘Tháinig siad ortsa agus tú breis is ocht míle ciliméadar ón áit seo.’
Thug Aoife sracfhéachaint fhiosrach ar Emmet ach chuir sí meangadh ar a béal arís ar an bpointe.
‘Ócáid neamhfhoirmeálta atá i gceist,’ ar sí chomh gealgháireach is a bhí riamh. ‘Éist, cuardaigh m’ainm ar Facebook! Tá na sonraí ansin. Dé Céadaoin seo chugainn …’
‘Tráthnóna Dé Céadaoin?’ arsa Emmet. ‘Ní bheidh mé saor. Beidh mé ag obair.’
‘D’fhéadfá teacht tar éis na hoibre. Ní thosóidh sé go dtí a seacht nó a hocht. Mar a dúirt mé – rud neamhfhoirmeálta atá ann.’
‘Beidh mé teannta san obair go dtí meán oíche.’ ‘Go dtí meán oíche? Ach cá bhfuil tú ag obair?’ ‘Anseo.’
‘Ach cá bhfuil … Ó!’
Chuir Aoife lámh lena béal. Bhí fáinne mór diamaint ar an lámh chéanna. D’amharc sí ar an scuab a bhí ina lámh i gcónaí ag Emmet. Leath a súile nuair a rith sé léi cad a bhí i gceist aige.