F. Tá tú ag caitheamh dhá sheachtain sa Ghaeltacht. Scríobh ríomhphost abhaile chuig d’aintín agus d’uncail ag insint dóibh faoin lá scoile. I do ríomhphost, luaigh na pointí seo a leanas:
• An t-am a éiríonn tú ar maidin • Conas a théann tú ar scoil
• Cathain a thosaíonn agus a chríochnaíonn na ranganna Gaeilge
G. Tá tú tar éis aistriú chuig cathair agus scoil nua sa Spáinn. Scríobh litir chuig do chara ag insint dó/di faoi do shaol sa scoil nua. I do litir, luaigh na pointí seo a leanas:
• An áit ina bhfuil an scoil nua • Na hábhair a dhéanann tú • Dhá ábhar a thaitníonn leat
Traic 6–7 Cluastuiscint
Éist le Ruth agus le Réamann ag caint faoina saol ar scoil. Cloisfidh tú an taifeadadh faoi dhó. Líon isteach an t-eolas atá á lorg i do chóipleabhar.
An Chéad Chainteoir Ainm
1. Cad as do Ruth?
2. Cén sórt scoile a bhfuil Ruth ag freastal uirthi?
3. Luaigh rud amháin a thaitníonn le Ruth faoin scoil.
4. Luaigh dhá riail dhiana atá i bhfeidhm sa scoil.
An Dara Cainteoir Ainm
1. Cén bhliain ina bhfuil Réamann?
2. Cén sórt scoile a bhfuil Réamann ag freastal uirthi?
3. Luaigh dhá phointe eolais faoi éide scoile Réamainn.
4. Cén mana atá scríofa ar shuaitheantas a gheansaí?
(i) (ii)
Ní neart go __________________.
(i) (ii)
Ruth Nic Oibicín
• An éide scoile a chaitheann tú • Rialacha na scoile.
• Aon spórt a imríonn tú san iarnóin • An t-am a théann tú a luí.
Script: leathanach 101 de do Leabhar Gníomhaíochta.