Sa chuid seo den ghearrscéal, buaileann Emmet le hAoife, cailín ón scoil. Tá Emmet ag obair i siopa. Is duine faiseanta í Aoife.
‘Emmet?’
D’ardaigh Emmet a chloigeann agus d’fhéach go leamh ar an té a bhí ag cur cainte air agus é i mbun urlár an mhionmhargaidh a scuabadh.
drearily at the person the mini-market
‘Emmet! Shíl mé gur tú a bhí ann!’ arsa an bhean óg.
Sheas Emmet suas díreach, réitigh na spéaclaí ar a shrón agus d’fhéach sé go grinn uirthi. Bean sheang dhea-chumtha a bhí os a chomhair amach, cóta lánfhada a raibh bóna fionnaidh air á chaitheamh aici. An raibh aithne aige uirthi? Arbh í seo Saoirse? Nó Fionnuala? Éimear, b’fhéidir? Cárbh as di fiú?
‘Aoife! Ó Mheánscoil Chaoimhín!’ ar sí, agus aoibh an gháire uirthi go fóill. ‘Bhíomar sa rang Fisice le chéile!’