Léigh faoi íomhánna an dáin. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile sa dán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Tá go leor íomhánna gléineacha sa dán ‘An Ghealach’. vivid
‘banríon na spéartha’
Ceapann an file go bhfuil an ghealach cosúil le banríon. Tá solas na gealaí níos gile ná aon solas eile sa spéir.
brighter than
‘ar turas’
Cruthaíonn an file íomhá de dhuine – an file – ar turas, faoi sholas na gealaí. Tá fuinneamh ag an ngealach agus mothaíonn an file an fuinneamh seo. Gach áit a dtéann an file, leanfaidh an ghealach.
energy
‘Mo spéirbhean’
Sna seandánta, is minic a bhíodh teachtaireacht speisialta ag spéirbhean. Sa dán seo, tá teachtaireacht aici dúinn. Deir an spéirbhean linn a bheith láidir. Deir sí linn ár dturas féin a leanúint. Chun é seo a dhéanamh, caithfimid ár ngealach féin a aimsiú, ár ‘réalta rúnda’. Tá an réalta seo le fáil istigh ionainn féin.
Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón dán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn an íomhá seo. Cuir fotheideal (caption) leis an bpictiúr freisin.
Táim in ann tuiscint a léiriú ar scéal agus íomhánna an dáin. céad a seacht 107 message