A. Freagair na ceisteanna seo. 1. Cad iad na caithimh aimsire atá agat? 2. Cad a dhéanann tú chun do scíth a ligean? 3. Cé mhéad ama a chaitheann tú ar do chaithimh aimsire? 4. Cá fhad is atá tú ag déanamh an chaithimh aimsire is fearr leat? 5. Cé chomh minic is a imríonn tú spórt? 6. Cé chomh minic is a éisteann tú le ceol?
B. Meaitseáil an Ghaeilge leis an mBéarla. 1 gach dara bliain
A for the last couple of years
2 cúpla uair sa bhliain B every second year 3 ó am go chéile
C a couple of times a year
4 le cúpla bliain anuas D once or twice a year 5 uair nó dhó sa bhliain E from time to time
1 = ____ 2 = ____ 3 = ____ 4 = ____ 5 = ____
C. Athscríobh na briathra idir lúibíní san Aimsir Láithreach i do chóipleabhar (sb = saorbhriathar). 1. [Caith: mé] _________ tamall gearr gach lá ag cniotáil agus ag fúáil. 2. An [coinnigh: tú] _________ suas chun dáta leis na faisin is déanaí? 3. I ndiaidh a chéile a [tóg: sb] _________ na caisleáin. 4. Is minic a [bris] _________ béal duine a shrón. 5. [Can: mé] _________ amhráin nuair a [éist: mé] _________ le ceol. 6. Ní [seinn: muid] _________ ceol ach [imir: muid] _________ spórt. 7. Ní [féach: sí] _________ ar chartúin ach [taitin] _________ cláir ghrinn léi. 8. An [buail: sé] _________ leo gach seachtain nó an [fan: sé] _________ sa bhaile?
D. Athscríobh na briathra idir lúibíní san Aimsir Láithreach i do chóipleabhar (sb = saorbhriathar). 1. An [faigh: sibh] _________ sos ón traenáil uair sa tseachtain? 2. Ní [tabhair: mé] _________ aird ar chúrsaí faisin. 3. Ní [feic: muid] _________ greann ar bith sa chlár grinn sin. 4. Is ceoltóirí iad na turasóirí a [tar] _________ anseo. 5. An [faigh: sibh] _________ bhur ndinnéar sula [téigh: sibh] _________ abhaile? 6. [Clois: sb] _________ an t-orgánaí san eaglais ach ní [feic: sb] _________ é nó í. 7. [Abair: sb] _________ go [bí: siad] _________ sa chlub babhlála gach tráthnóna. 8. [Tabhair: sé] _________ obair dúinn ach ní [déan: muid] _________ é.