Téigh go www.educateplus.ie/go/fun-orm agus éist leis an amhrán ‘Fún Orm’ le IMLÉ. Ansin, léigh na liricí os ard leis an duine atá in aice leat. An dtaitníonn an t-amhrán leat? Cén sórt ceoil é?
Fún Orm Intreoir/Réamhrá
Scaití ní dhéanann tú na rudaí a theastaíonn uait mar gheall go bhfuil an iomarca imní ort go dteipfidh ort
Véarsa 1
Nuair a bhíonn fonn orm, déanaim gleo ag na gigeanna is den chuid is mó den am, sin an chaoi a n-imíonn mé is breá liom a bheith ag úsáid suas mo chuid fuinnimh nuair a thagann sé go dtí ceol cumadh canadh
Véarsa 2 Is breá liom sin, chun a bheith ag labhairt m’intinne má dhéanann tú sin tabharfaidh sé cumhacht duit nach dtuigfeá riamh a bheadh agat dá uireasa ’sé seo an chumhacht atá againne mar dhaoine
Véarsa 3
’Sé sin do mheon do spiorad agus do shaoirse a chur i bhfeidhm, déanaim sin le seinnt ceoil le mo ghlór i gclubanna agus roinnt pubanna, féilte chomh maith le tithe cairde
Véarsa 4
Admhálaim nuair a thagann sé go dtí taifeadadh go bhfaigheann mise é seo i bhfad níos deacra ní de bharr na focla abairtí a dheirimse ach de bharr an fuaimniú fuinnimh atáim ag iarraidh