Téamaí an ghearrscéil: Léigh Léigh faoi théamaí an ghearrscéil.
An teaghlach
Tá téama an teaghlaigh an-tábhachtach sa ghearrscéal ‘Spás’. Bíonn fadhbanna i ngach teaghlach agus faighimid léargas sa ghearrscéal ar roinnt fadhbanna teaghlaigh.
Tá leanbh nua ag tuismitheoirí Phádraigín. Is dóigh go bhfuil tuirse an domhain orthu. Ba mhaith leo go mbeadh Pádraigín níos tuisceanaí.
Ar an lámh eile, tá Mam agus Daid an-dian uirthi faoi láthair. Ba cheart, áfach, go mbeidís níos tuisceanaí le Pádraigín mar gheall ar na hathruithe móra ina saol.
Faraor, tá easpa cumarsáide sa teaghlach. Ní thuigeann siad dá chéile.