An Modh Coinníollach: Na Briathra Neamhrialta Léigh agus meaitseáil
Léigh faoin bpost ab fhearr le Caoimhín agus meaitseáil na ceisteanna leis na freagraí.
Dá mbeadh an rogha agam, gheobhainn post mar ghrianghrafadóir agus thiocfainn chuig iargúil na hAstráile. Bhéarfainn liom mo cheamara agus rachainn ag taisteal ar fud fad na hAstráile. Thabharfainn cuairt ar Darwin agus ar Alice Springs. D’fheicfinn radhairc iontacha. D’íosfainn bia traidisiúnta. Dhéanfainn cairdeas le muintir na háite agus chloisfinn seanscéalta uathu. Déarfainn go mbeinn lánsásta leis an obair sin.
1 Cén post a gheobhadh Caoimhín dá mbeadh an rogha aige?
2 Cad a bhéarfadh Caoimhín leis agus cá rachadh sé?
3 Céard iad na háiteanna a dtabharfadh sé cuairt orthu?
4 Cad a d’fheicfeadh sé agus cad a d’íosfadh sé?
5 Cé leis a ndéanfadh sé cairdeas agus cad a chloisfeadh sé uaidh?
6 An ndéarfadh sé go mbeadh sé lánsásta leis on obair?
1 = ____ 2 = ____
Stór focal rogha
grianghrafadóir
iargúil na hAstráile ar fud fad
muintir na háite lánsásta
Punann 8.2
Scríobh alt faoin bpost ab fhearr leat. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 90.
290 dhá chéad nócha choice photographer
Australian outback all over
local people really happy
3 = ____
A Bhéarfadh sé a cheamara leis agus rachadh sé ag taisteal ar fud fad na hAstráile.
B Dhéanfadh sé cairdeas le muintir na háite agus chloisfeadh sé a seanscéalta uathu.
C Déarfadh sé go mbeadh sé lánsásta leis an obair.
D Thabharfadh sé cuairt ar Darwin agus ar Alice Springs.
E Dá mbeadh an rogha aige, gheobhadh sé post mar ghrianghrafadóir agus thiocfadh sé chuig iargúil na hAstráile.
F D’fheicfeadh sé radhairc iontacha agus d’íosfadh sé bia traidisiúnta.
4 = ____ 5 = ____ 6 = ____
Cuimhnigh! Úsáid na nathanna nua
ar an leathanach seo agus tú ag scríobh faoi do laethanta saoire!