Na carachtair sa dráma: Léigh agus scríobh Léigh faoi na carachtair sa dráma agus freagair na ceisteanna.
Sinéad
Is duine cróga í Sinéad. Tagann uafás uirthi nuair a fheiceann sí an bruscar cois locha. Tosaíonn sí ag spiaireacht ar an lucht dumpála. Ba mhaith léi agóid a eagrú in aghaidh na dumpála freisin.
Faigheann Sinéad amach gur duine mímhacánta é a Daid. Ina ainneoin sin, déanann sí an rud ceart. Beidh a Daid ar buile ach is cuma léi.
Téann sí ag agóidíocht taobh amuigh d’oifig sa Chomhairle Contae. Téann sí os comhair na cúirte chun an scéal a insint. Ar deireadh, éiríonn le Sinéad agus leis na déagóirí eile.
Seosamh
Is duine cliste agus diongbháilte é Seosamh. Tá a fhios aige go dtiocfaidh an lucht dumpála ar ais. Tá a fhios aige go mbeidh siad ábalta súil a choinneáil ar an áit.
Chomh maith leis sin, glacann sé grianghraif den choir. Tá a fhios aige go mbeidh siad úsáideach mar fhianaise. Faraor, déanann sé dearmad ar a cheamara ach ag deireadh an dráma, déanann sé cúiteamh nuair a aimsíonn sé a cheamara arís.
Daid Shinéad
Is duine glic mímhacánta é Daid Shinéad. Is léir go mbíonn sé féin agus an lucht dumpála ag obair as lámha a chéile. Tá muinín ag na fir as mar tá siad cinnte de go gcabhróidh sé leo.
Chomh maith leis sin, déanann sé iarracht cúrsa na córa a shaobhadh. Tugann sé breab do Thadhg, oifigeach sa Chomhairle Contae.
Éamonn Beag
Is duine dílis é Éamonn Beag. Is uncail leis é Séamus agus mar sin, níor mhaith leis sceitheadh air.
Is duine lag é freisin. Tá a fhios aige go bhfuil an dumpáil mícheart ach níor mhaith leis aon rud a dhéanamh faoi.