Tá na habairtí seo bréagach. Scríobh an leagan ceart i do chóipleabhar. 1. Bíonn naoi rang ag Liam gach lá. 2. Tosaíonn an lá scoile ag leathuair tar éis a naoi. 3. Itheann Liam a lón ag fiche chun a haon. 4. Bíonn ceithre rang dhúbailte ag Liam gach seachtain. 5. Déanann Liam gníomhaíochtaí seach-churaclaim gach lá.
Punann 1.2
Déan leagan Gaeilge den chlár ama atá agat. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 3.
Scríobh agus labhair
An maith leat do chlár ama? Scríobh pointe amháin dearfach (+) agus pointe amháin diúltach (–) faoi. Déan comparáid leis an duine atá in aice leat.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar mo chlár ama. a seacht 7