Is éard is brí le téama an dáin ná an smaoineamh is tábhachtaí atá sa dán. Léigh an freagra samplach seo agus freagair na ceisteanna.
Ceist shamplach:
Cad é príomhthéama an dáin ‘Ceist na Teangan’? Mínigh do fhreagra.
Freagra samplach:
Is é ‘todhchaí na Gaeilge’ príomhthéama an dáin ‘Ceist na Teangan’.
Tá an file buartha faoi thodhchaí na Gaeilge. Cruthaíonn sí meafar sínte chun an imní seo a mhíniú dúinn. Is é seo an meafar: cuireann an file a dóchas don Ghaeilge i mbáidín beag faoi mar a chuirfeá ‘naíonán i gcliabhán’.
Insíonn an file scéal Mhaois dúinn. Sa scéal sin, tá eagla ar mháthair Mhaois roimh Fharó na hÉigipte mar ba mhaith leis gach buachaill beag Eabhrach a mharú. Mar sin, cuireann sí Maois i gcliabhán beag agus leagann sí síos é ar bhruach na habhann.
Tamall gearr ina dhiaidh sin, aimsíonn iníon an Fharó an cliabhán. Nuair a fheiceann sí Maois, glacann sí trua dó. Tugann sí Maois abhaile léi agus uchtaíonn sí é.
Ceapann an file go bhfuil sí cosúil le máthair Mhaois. Tá uirthi an rud céanna a dhéanamh leis an nGaeilge – í a chur ar snámh i mbáidín beag chun í a shábháil.
future worried
extended metaphor; explain
Hebrew lays
finds pity
adopts she has to
1. Cén fáth a gcruthaíonn an file meafar sínte? 2. I scéal Mhaois, cén fáth a bhfuil eagla ar mháthair Mhaois? 3. I scéal Mhaois, cad a dhéanann iníon an Fharó nuair a aimsíonn sí Maois? 4. Cén fáth a gceapann an file go bhfuil sí cosúil le máthair Mhaois?
An file
Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill in Lancashire. Bhog sí go Gaeltacht Chiarraí nuair a bhí sí cúig bliana d’aois. Tá go leor duaiseanna buaite aici as a cuid leabhar filíochta.