Dúirt Daid go bhfaca sé beirt fhear ag tiomáint cairr ar luas lasrach síos an bóthar tráthnóna amháin. Bhí gruaig dhorcha ar an tiománaí. Cheap Daid go raibh croiméal mór dubh air freisin.
Go tobann, chuala Seán agus Léan guth. Beirt fhear. Bhí siad faoin urlár. Ní raibh a fhios acu go raibh íoslach sa teach. Chuir siad a gcluas leis an urlár.
‘Cá bhfuil na málaí eile?’ arsa duine acu. ‘Bhí siad anseo inné. Súil agam nár ghoid éinne iad.’
‘Dúirt Malone gur fhág sé anseo iad,’ arsa an fear eile. ‘D’inis sé dom gur chuir sé san íoslach iad.’
‘B’fhéidir gur inis sé bréag dúinn,’ a dúirt an chéad fhear. ‘Tá súil agam nár thóg sé an t-airgead ar fad.’
Go tobann, bhuail fón Sheáin. Pinnnng! Téacsteachtaireacht a bhí ann! ‘A dhiabhail!’ ar seisean faoina anáil.
‘Céard é sin?’ a dúirt na fir. ‘Suas staighre leat, go tapa!’ ar dhuine acu. ‘Rith!’ a scread Léan.
Leis sin, léim Seán agus Léan de gheit agus thosaigh siad ag rith síos an dorchla. Chuala siad coiscéimeanna na bhfear. Bhí a fhios acu nach raibh ach soicind acu. D’oscail siad an príomhdhoras agus thosaigh siad ag rith i dtreo an bhóthair.
B’ansin a chuala siad scread ….
1. Cad a rinne Seán agus Léan nuair a chuala siad an fothram? 2. Cén fáth nár chóir dóibh a bheith sa teach? 3. Cad a chonaic a n-athair cúpla mí ó shin? Cad a cheap sé ar dtús? 4. Déan cur síos ar an bhfadhb a bhí ag an mbeirt fhear. 5. Cad a rinne na fir nuair a chuala siad an fón?
Bí ag caint! Cad a tharlaíonn ag deireadh an scéil, dar leat? Pléigh i ngrúpa é. nócha a seacht 97 at once a lie at breakneck speed voice basement