Shuigh sí síos agus ghabh sí comhghairdeas linn. Dúirt sí linn go raibh seisiún grianghrafadóireachta ar siúl aici i gConamara ar an gcósta álainn drámatúil. Ansin, d’fhiafraigh sí dínn an mbeimis ábalta a bheith i Londain an tráthnóna dár gcionn? Bhreathnaigh mé ar mo thuistí. Bhuel?
‘Cogar,’ a dúirt sí, ‘pléigí le chéile é. Beimid thuas staighre. Abair linn, más féidir libh. Tá cúpla ticéad cúlstáitse agam agus eagróidh mé síob ón aerfort daoibh.’ Chaoch sí an tsúil orainn agus d’imigh sí.
Ní gá a rá leat go ndeachamar go dtí an cheolchoirm. Ní raibh an dara rogha ag mo thuistí! Chuaigh an triúr againn in éineacht le mo mháthair. Bhailigh tiománaí muid i limisín mór dubh ag an aerfort agus chuamar go dtí an O2 in Greenwich i Londain. Bhí an cheolchoirm thar barr. Nuair a tháinig Rihanna ar an stáitse, thosaigh gach duine ag screadach in ard a gcinn is a ngutha. Chan sí na hamhráin is fearr atá aici agus ní raibh díomá ar aon duine. Mhair an cheolchoirm dhá uair an chloig, creid é nó ná creid.
Tar éis na ceolchoirme, chuamar cúlstáitse agus chasamar ar Rihanna arís. Ghabhamar buíochas léi agus dúramar go bhfeicfimis i gConamara arís í.
Ceann de na laethanta ab fhearr i mo shaol ab ea é, gan amhras.
she congratulated us photo session
listen
backstage winked
there’s no need to tell you any other choice limousine
at the top of their voices lasted
Scríobh Scríobh scéal dar teideal: ‘An uair a chas mé ar dhuine cáiliúil.’ trí chéad caoga a cúig 355