SCRÍOBH Scéal: Treoracha Comhairle: Modhanna pleanála
I gCaibidil 2, scríobh tú aiste bunaithe ar phlean simplí. Má dhéanann tú plean, beidh tú ábalta (i) do chuid smaointe a eagrú agus (ii) teacht ar smaointe nua.
Agus tú ag scríobh plean, smaoinigh ar dhá rud: 1. Cén fáth a bhfuil mé ag scríobh an phíosa seo? Samplaí ná siamsaíocht a chur ar fáil do dhuine (scéal), dul i bhfeidhm ar dhuine (díospóireacht) nó eolas a thabhairt do dhuine (aiste nó alt). 2. Cé a bheidh ag léamh an phíosa scríbhneoireachta?
Sa mhír seo, foghlaimeoidh tú trí mhodh pleanála: 1. Meabhairmhapaí 2. Fráma scríbhneoireachta 3. Sraitheanna pictiúr
1. Meabhairmhapaí Seo imlíne de mheabhairmhapa bunaithe ar ‘Fothrach Tí Faoin Tuath’ (leathanach 96).
Scríobh
Cruthaigh meabhairmhapa don scéal ‘Dúnmharú i dTeach Tuaithe’ (leathanach 94) i do chóipleabhar.
Táim in ann meabhairmhapa a úsáid chun scéal a phleanáil. 98 nócha a hocht