BÉALTRIAIL Dhá Agallamh Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
Siún 1. An maith leat spórt? Is aoibhinn liom spórt.
2. Cé na spóirt a dhéanann tú ar scoil?
Imrím camógaíocht agus cispheil ar scoil. Táim ar fhoireann chamógaíochta na scoile.
3. Cé chomh minic is a dhéanann tú iad? Bíonn traenáil ag an bhfoireann chamógaíochta beagnach gach lá tar éis na scoile. Imrím cispheil gach Céadaoin sa halla spóirt. Tá na múinteoirí an-fhial lena gcuid ama.
4. Ar bhuaigh tú comórtas nó trófaí riamh?
Bhuamar Craobh Scoileanna na Mumhan faoi 15 anuraidh. Bhí ríméad orainn – níorbh fhéidir linn a bheith puinn níos sásta!
5. An fearr leat a bheith ag imirt spóirt nó ag féachaint ar spóirt? Is fearr liom a bheith ag imirt spóirt. Níl aon amhras faoi sin.
6. Cé mhéad ama a chaitheann tú ag féachaint ar spórt ar an teilifís? Is annamh a fhéachaim ar spórt ar an teilifís. Mar sin féin, féachaim ar na cluichí móra nuair a bhíonn siad ar siúl.
7. Cé hé nó cé hí an t-imreoir spóirt is fearr leat? Is í Sloane Stephens an t-imreoir spóirt is fearr liom. Imríonn sí leadóg. Tá sí láidir agus sciliúil. Níl a sárú le fáil, i mo thuairim.
8. Cérbh é an ócáid spóirt ba chorraithí dá bhfaca tú riamh? Cluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann anuraidh. Bhí sé ar fheabhas. Chuaigh mé go dtí Páirc an Chrócaigh le m’uncail, m’aintín agus a gclann. Thaitin sé go mór linn.
Scríobh Fíor nó bréagach? 1. Taitníonn spórt go mór le Siún. 2. Imríonn Siún cispheil gach lá tar éis na scoile.
3. Bhuaigh foireann chamógaíochta Shiúin Craobh Scoileanna Uladh anuraidh. 4. Is minic a fhéachann Siún ar an spórt ar an teilifís.
5. Bhain Siún sult as Cluiche Ceannais Peile na hÉireann anuraidh. Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Siún (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.