Eachtra a Tharla Dom agus Mé Amuigh ag Siopadóireacht
When you write a story of your own, you should have one idea in each paragraph. The ideas in this story are (i) going to the shopping centre, (ii) buying a coat, (iii) being caught in the middle of a chase, (iv) the thieves’ attempted escape and (v) the eventual outcome. You may wish to use some of the vocabulary from the nathanna breise on the next page when you are writing your own story.
Bhí an aimsir go hainnis. Bhí sé fuar agus fliuch agus bhí gaoth láidir ag séideadh síos trí shráideanna Bhaile Átha Cliath. Bhí mise agus mo chara ag tnúth go mór le lá siopadóireachta. Bhí scáthanna báistí againne ach bhí siad gan úsáid mar go raibh an ghaoth chomh láidir sin. Faoi dheireadh, shroicheamar Ionad Siopadóireachta Shráid Jervis. Dídean ón mbáisteach!
Bhí mé ag lorg cóta deas nua. Chaitheamar tamall ag déanamh siopadóireacht fuinneoige go dtí go bhfaca mé ceann dubh i siopa mór darb ainm Íocón Stíle. Chuaigh mé isteach agus thriail mé orm é. Bhí sé go hálainn. Bhí sé sin déanta dom, ní raibh aon dabht faoi. Cheannaigh mé an cóta agus d’fhág mé an siopa chomh sásta le lacha ag slabáil san fhéar fliuch.
Chuamar síos san ardaitheoir agus rinneamar ár mbealach chuig an doras amach. Go tobann, chualamar daoine ag screadach agus nuair a chasamar timpeall, chonaiceamar beirt fhear agus balaclávaí orthu ag rith inár dtreo! Bhí dhá bhosca airgid ina lámha acu. Bhrúigh siad mise agus mo chathaoir rotha i leataobh agus iad ag iarraidh éalú. Bhí fear agus bean sa tóir orthu – iad gléasta in éide shlándála.
350
umbrellas; useless shelter
until made for me
as happy as a duck slopping about in the wet grass