Scéal an amhráin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an amhráin agus freagair na ceisteanna.
San amhrán seo, canann an liriceoir faoi dhá rud: saoirse cainte agus tábhacht na Gaeilge ina shaol.
Ar an gcéad dul síos, deir an liriceoir linn gur breá leis ceolchoirmeacha fuinniúla mar tá trí rud thábhachtacha iontu: ‘ceol‘, ‘cumadh’ agus ‘canadh’. Bíonn sé ábalta rudaí a rá amach gan scáth gan eagla. Mothaíonn sé níos cumhachtaí dá bharr.
Deir sé linn go bhfuil cead ag gach duine rudaí a rá amach gan scáth gan eagla. Deir sé linn go bhfuil an ceart againn ár dtuairimí féin a roinnt le daoine eile. Roinneann seisean a thuairimí féin tríd an gceol.
Ar an dara dul síos, is í an Ghaeilge a theanga dhúchais – sin í an chúis a scríobhann sé i nGaeilge mar mothaíonn sé níos compordaí inti. Thosaigh sé ag scríobh liricí mar cabhraíonn siad leis rudaí a rá go soiléir.
Ba í an Ghaeilge an t-aon teanga a labhair sé nuair a bhí sé óg. Bhí díomá air nach raibh sé ábalta an teilifís a thuiscint i gceart, áfach. Mar sin, d’fhoghlaim sé an Béarla i gceart. Deir sé dá mhéad teangacha a labhraíonn tú, is ea is fearr é. Foghlaimíonn tú níos mó agus bíonn dearcadh níos leithne agat ar an saol.
lyricist importance
energetic composition fearlessly; as a result
share
his native language they help him
understand properly the more languages that you speak broader view
1. Cén dá rud a gcanann an liriceoir fúthu san amhrán seo? 2. Conas a mhothaíonn sé nuair a labhraíonn sé amach gan scáth gan eagla? 3. Conas a roinneann an liriceoir a thuairimí? 4. Cén fáth ar thosaigh sé ag scríobh liricí? 5. Cad a deir sé faoin méid teangacha a labhraíonn tú? 6. Cad is brí le teideal an amhráin ‘Fún Orm’, meas tú? (Nod: Fún = Fonn)
Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo. 1. An dtaitníonn na liricí leat? Cén fáth? Cad é an líne nó véarsa is fearr leat? 2. An dtaitníonn an ceol leat? Cén sórt ceoil é?