LÉAMHTHUISCINT An Seomra Ranga Aclaí Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Tá seomra ranga neamhghnách i mBunscoil Oakridge i Meiriceá. Ar an gcéad fhéachaint, tá sé an-chosúil le seomraí ranga in Éirinn. Tá clár bán idirghníomhach ag barr an tseomra, tá póstaeir ar na ballaí, tá leabhragán mór ar chúl an tseomra, tá trí ríomhaire sa chúinne, tá cúpla radaitheoir mór ar thaobh an tseomra agus tá callairí nua-aimseartha os cionn na ríomhairí.
Tá rud speisialta faoin seomra seo, áfach. Tá trealamh spóirt ann freisin. Tá ceithre dheasc troitheán i lár an tseomra, tá rothar aclaíochta ar chúl an tseomra agus tá ceithre chathaoir liathróide in aice leis an rothar.
Deir na múinteoirí go bhfuil an trealamh seo níos fearr do shláinte na scoláirí. Deir siad go bhfuil aird na scoláirí agus iompar na scoláirí níos fearr ná riamh freisin.
1. Cad atá ag barr an tseomra ranga? 2. Cad atá ar na ballaí? 3. Cé mhéad ríomhaire atá sa chúinne? 4. Cad atá speisialta faoin seomra seo? 5. Cé mhéad cathaoir liathróide atá ann? 6. Cad a deir na múinteoirí faoin trealamh seo?
Bí ag caint! I ngrúpa, pléigh na ráitis seo. Cuir ciorcal thart ar do rogha. Déan comparáid le grúpaí eile.
1 = Ní aontaím ar chor ar bith. 2 = Ní aontaím. 3 = Tá mé idir dhá chomhairle. 4 = Aontaím. 5 = Aontaím go hiomlán. 1 Is maith liom an seomra ranga seo.
2 Ba bhreá liom trealamh spóirt i mo sheomra ranga féin. 3 Sílim gur smaoineamh maith é.
Scríobh agus labhair Déan cur síos ar do sheomra ranga féin. Déan comparáid leis an duine atá in aice leat. Táim ábalta cur síos a dhéanamh ar mo sheomra ranga féin. 14 a ceathair déag
1 1 1
2 2 2
3 3 3
4 4 4
5 5 5
unusual at first glance
speakers
sports equipment pedal desks exercise bike ball chair