Ansin, deir dlíodóir Shéamuis agus Pheadairín go bhfuil finné eile acu. Tosaíonn Éamonn Beag ag caint agus deir sé go raibh sé deacair aon rud a fheiceáil agus nach féidir le héinne a bheith cinnte cé a bhí ag dumpáil.
Go tobann, ritheann Seosamh isteach i seomra na cúirte. Tá an ceamara aige. Taispeánann dlíodóir na ndéagóirí na pictiúir don Bhreitheamh. Gearrann an Breitheamh fíneáil €800 an duine ar Shéamus agus ar Pheadairín. Tá áthas an domhain ar na déagóirí.
1. Cén fáth a bhfuil an seisear déagóirí amuigh faoin tuath? 2. Cén fáth a ritheann Sinéad ar ais go dtí an grúpa? 3. Cén fáth a socraíonn an seisear fanacht i bhfolach? 4. Cén fáth nach bhfuil imní ar an lucht dumpála? 5. Cad a iarrann Daid Shinéad ar Thadhg? 6. Cén fáth nach bhfuil grianghraif ag na déagóirí sa chúirt? 7. Cé hé an finné atá ag Séamus agus Peadairín? Cad a deir sé? 8. Cad a ghearrann an Breitheamh ar Shéamus agus ar Pheadairín?
Bí ag caint!
I ngrúpa de naonúr, déan dráma den radharc sa chúirt. Is iad seo na príomhcharachtair: Sinéad, Seosamh, Éamonn Beag, Séamus, Peadairín, An Breitheamh, An Bheirt Dlíodóirí agus An Doirseoir.
solicitor; witness
imposes
An scríbhneoir
Rugadh Brian Ó Baoill i Ros Comáin i 1929. Tá go leor duaiseanna buaite aige as a scéalta agus drámaí. Bhuaigh a dhráma Sútha Talún Duais Oireachtais i 1995.