• Scríobh do sheoladh agus an dáta sa chúinne ag an mbarr ar dheis. • Tosaigh an litir leis an ainm agus an beannú. • Tabhair pointe eolais ginearálta faoin ábhar. • Scríobh cúpla abairt faoi gach pointe eolais. Caillfidh tú marcanna má fhágann tú aon phointe ar lár.
• Críochnaigh an litir mar is ceart agus sínigh d’ainm.
Stór focal Beannú
Beatha agus sláinte.
Tá súil agam go bhfuil tú i mbarr na sláinte agus nach bhfuil aon rud ag cur as duit.
Tá súil agam go bhfuil ag éirí go maith le gach duine sa bhaile.
Tá brón orm nár scríobh mé níos luaithe. Is fada an lá ó chuala mé uait.
Maidir liom féin, tá ag éirí go breá liom. Fan go gcloisfidh tú … Tá dea-scéala agam.
Corp
1. An áit ina bhfuil an scoil nua 2. Na hábhair a dhéanann tú (lch 8) 3. Foirgneamh na scoile (lch 17) 4. Rialacha na scoile (lch 19)
Críoch
Bhuel, sin a bhfuil uaimse. Caithfidh mé imeacht anois.
Abair le gach duine go raibh mé ag cur a dtuairisce.
Scríobh ar ais chugam go luath. Beidh mé ag caint leat go luath. Slán go fóill./Slán tamall.
Punann 1.3
Tá tú tar éis aistriú chuig ceantar nua agus scoil nua. Scríobh litir chuig d’aintín nó chuig d’uncail faoi do scoil nua. Cuir an obair chríochnaithe i do phunann ar leathanach 4.
Táim in ann litir a scríobh faoi mo scoil. fiche a haon 21
Well, that’s all from me. I have to go now.
Tell everyone that I was asking for them.
Write back to me soon.
I will be talking to you soon. Bye for now.
Greetings.
I hope that you are in the best of health and that nothing is causing you worry.
I hope that everyone at home is getting on well.
I am sorry that I didn’t write earlier.
It is a long time since I have heard from you. As regards me, I am getting on fine. Wait until you hear … I have got good news.