Samhlaigh go bhfuil tinneas ort. Iarr comhairle ar an duine atá in aice leat. Bain úsáid as na samplaí seo.
1 Tá pian droma orm! Cad ba chóir dom a dhéanamh?
2 Tá an fliú orm! Cad ba chóir dom a dhéanamh?
3 Ghearr mé mo mhéar! Cad ba chóir dom a dhéanamh?
4 Tá ballbhrú ar m’éadan! Cad ba chóir dom a dhéanamh?
5 Tá slaghdán orm! Cad a dhéanfá dá mba thusa mise?
Dá mba mise thusa, luífinn síos agus ligfinn mo scíth.
Dá mba mise thusa, d’ólfainn go leor uisce agus chaithfinn an lá i mo luí ar an tolg.
Dá mba mise thusa, chuirfinn plástar/ greimlín air.
Dá mbeinn i d’áitse, chuirfinn oighear air.
Dá mba mise thusa, d’ólfainn tae le líomóid agus mil nó anraith sicín.
Scríobh agus labhair
Scríobh an chomhairle a chuirfeá ar chara dá mbeadh tinneas air/uirthi. Léirigh an comhrá leis an duine atá in aice leat agus taifead é. Bain úsáid as an sampla thíos.
Cad atá cearr leat?
Tá tinneas fiacaile orm!
Bhuel, dá mba mise thusa,
rinseálfainn (shruthlóinn) mo bhéal le salann agus uisce te. Mura n-oibreodh sin, rachainn go dtí an fiaclóir.
Táim in ann cur síos a dhéanamh agus comhairle a thabhairt mar gheall ar thinnis éagsúla.