1. Liostaigh na curiarrachtaí faid a bhain Amelia Earhart amach. 2. Cad a d’fhógair Amelia i 1937? 3. Cén cineál eitleáin a eitleoidh Amelia i 1937? 4. Conas atá a fhios againn go mbeidh Oileán Howland deacair a aimsiú? 5. Cén t-am a fhaigheann an Garda Cósta (i) an chéad teachtaireacht agus (ii) an teachtaireacht dheireanach ó Amelia?
Bí ag caint!
Is iomaí teoiric comhcheilge (conspiracy theory) atá ag daoine faoinar tharla d’Amelia agus do Fred. I ngrúpa, pléigh na teoiricí thíos. Cad a tharla, i ndáiríre, meas tú?
1. Deirtear gur rug Arm na Seapáine orthu agus gur choinnigh i ngéibheann iad. 2. Deirtear gur thuirling siad ar oileán beag eile agus gur mhair siad saol fada ann. 3. Deirtear gur tarrtháladh iad agus gur tugadh aitheantais nua dóibh.
Turas deireanach Amelia Taighde agus scríobh
Luaitear an Dátlíne Idirnáisiúnta sa líne dheireanach. Cad a tharlaíonn nuair a thrasnaíonn tú an Dátlíne Idirnáisiúnta? Aimsigh an Dátlíne ar léarscáil nó ar Google Maps agus i do chóipleabhar, liostaigh na tíortha agus na hoileáin is gaire (closest) don Dátlíne. Bain úsáid as www.tearma.ie freisin.