Caibidil 3 F. Meaitseáil na pictiúir leis na cúraimí. 1 2 3
4
5
6
Chroch mé na héadaí amach. Réitigh mé an dinnéar. Nigh mé an carr.
Ghearr mé an féar. Rinne mé an iarnáil. Thug mé an madra amach ag siúl.
G. Ceap scéal a mbeadh an giota seo thíos oiriúnach mar thús leis: ‘Fuair mé an glao fóin am lóin. Níor chreid mé an rud a chuala mé.’ Ar dtús, déan plean. Ansin scríobh an scéal.
Traic 20–21 Cluastuiscint
Cloisfidh tú fógra agus píosa nuachta faoi dhó. Éist go cúramach leo agus freagair na ceisteanna i do chóipleabhar.
Fógra
1. Cén luach atá ar an dearbhán don siopa DIY Adhmadóirí?
2. Conas is féidir cur isteach ar an gcomórtas? 3. Cathain a fhógrófar an buaiteoir?
Píosa Nuachta
1. Cén cineál comhlachta inar tharla an bhuirgléireacht seo? 2. Conas a bhí an buachaill gléasta nuair a chuaigh sé isteach san fhoirgneamh?
3. Luaigh trí phíosa glantóireachta a rinne an buachaill. 4. Cad a ghoid an buachaill ón gcomhlacht? 5. Cé a thug an buachaill faoi deara?
Script: leathanach 104 de do Leabhar Gníomhaíochta.