Le foghlaim: Aidiachtaí neamhrialta Tá foirmeacha speisialta ag na haidiachtaí neamhrialta seo.
álainn (beautiful) beag (small) breá (fine)
deacair (difficult/hard) fada (long)
furasta (easy) gearr (short) maith (good) mór (big) olc (bad)
tapa (quick) te (hot)
Scríobh
Athscríobh na habairtí seo i do chóipleabhar. 1. Bíonn cluichí sacair níos [maith] __________ ná cluichí peile ach is iad na cluichí
iománaíochta na cinn is [maith] __________.
2. Tá sacar níos [furasta] __________ ná daorchluiche ach is é an galf an spórt is [furasta] __________.
3. Tá Páirc an Chrócaigh níos [beag] __________ ná Camp Nou ach is é Stade de France an staid is [beag] __________.
4. Bíonn imreoirí camógaíochta níos [tapa] __________ ná imreoirí badmantain ach is iad dornálaithe na pearsana spóirt is [tapa] __________.
5. Bíonn an rothaíocht níos [deacair] __________ agus níos [tapa] __________ ná an cruicéad ach is é an rámhaíocht an spórt is [deacair] __________ agus is [tapa] __________.
Bí ag caint!
An bhfuil na ráitis seo fíor nó bréagach? I ngrúpa, pléigh do fhreagra. 1. Tá an linn snámha níos mó ná an cró dornálaíochta, ach is é an galfchúrsa an ceann is mó.
2. Tá surfáil níos corraithí ná leadóg ach is é an cruicéad an spórt is corraithí.
3. Tá galfairí níos aclaí ná gleacaithe ach is iad rámhaithe na daoine is aclaí.
4. Tá reathaithe níos tapúla ná imreoirí sacair ach is iad imreoirí haca na daoine is tapúla.
5. Tá an camán níos faide ná an maide gailf ach is é an maide rámha an ceann is faide.
Táim in ann céimeanna comparáide na haidiachta a úsáid. dhá chéad caoga a haon 251