Téamaí an ghearrscéil: Léigh Léigh faoi théamaí an ghearrscéil.
Ní mar a shíltear a bhítear
Is é ní mar a shíltear a bhítear téama an ghearrscéil. Ceapann daoine gur gnáthdhuine é Emmet ach is duine mímhacánta é. Tá cuma chairdiúil ar Aoife ach is duine mímhacánta í.
Sa dara cuid den ghearrscéal, foghlaimímid cén fáth a bhfuil Emmet ag obair sa siopa seo. Tá an-eolas aige ar chúrsaí Lató. Tá plean casta aige ach caithfidh sé meaisín Lató a úsáid chun an plean a chur i gcrích. Sin an chúis ar thosaigh sé ag obair i mionmhargadh.
Sa cheathrú cuid, foghlaimímid níos mó faoi Aoife. Ní mar a shíltear a bhítear le hAoife ach oiread. Tá scéim ghlic aici freisin. Tá sise ábalta haiceáil isteach i gcuntais bhainc. Tá a fhios aici go bhfuil rud éigin neamhghnách faoi scéal Emmet agus tosaíonn sí á leanúint.
Tá a fhios aici go bhfuil sé ag cur neart airgid ina chuntas bainc go rialta. Níl a fhios aici cá bhfaigheann sé an t-airgead ach is cuma. Tosaíonn Aoife ag déanamh an rud céanna agus a dhéanann Emmet leis an Lató – tosaíonn sí ag scimeáil airgid as a chuntas.