Tá fuinneamh na hóige le feiceáil go soiléir sa dráma seo. Feiceann grúpa déagóirí beirt fhear ag dumpáil bruscair in aice le loch in áit álainn. Tá a fhios acu go bhfuil sé mícheart agus socraíonn siad rud a dhéanamh faoi.
I dtús báire, tosaíonn siad ag spiaireacht ar an áit. Nuair a fheiceann siad na fir ag dumpáil, glacann Seosamh grianghraf. Ansin, eagraíonn siad agóid in aghaidh na dumpála. Tosaíonn siad ag agóidíocht taobh amuigh d’oifig sa Chomhairle Chontae. Ar deireadh, tugtar an bheirt fhear os comhair na cúirte. Buann na déagóirí an cás.
Téamaí eile: Ceart agus Éigeart, Dlí, Coiriúlacht, Caimiléireacht, Mímhacántacht
crime; corruption energy
Bí ag caint!
Cén téama is láidre, meas tú? Nó an gceapann tú go bhfuil téama eile níos láidre? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar na téamaí sa dráma Gleann Álainn.