Labhraítear an Ghaeilge ar fud na hÉireann. Tá beagán Gaeilge ag níos mó ná 3,000,000 duine. Labhraíonn beagnach 100,000 an Ghaeilge gach lá taobh amuigh den chóras oideachais.
Tá ceantair speisialta ann ina labhraítear an Ghaeilge mar chéad teanga gach lá. Tugtar ‘Gaeltachtaí’ ar na ceantair seo. Tá ceantair Ghaeltachta i nDún na nGall, i Maigh Eo, i nGaillimh, i gCiarraí, i gCorcaigh, i bPort Láirge agus sa Mhí.
Tá cúig líonra Gaeilge sa tír freisin. Is ceantair iad seo ina labhraítear an Ghaeilge agus an Béarla gach lá. Is iad sin Béal Feirste, Baile Locha Riach, Carn Tóchair, Cluain Dolcáin agus Inis.